Ba bheag seasacht nó stádas a bhí ag an Ghaeilge i gcóras oideachais na mbun agus na meánscolaíochta in Éirinn ag deireadh an 19ú haois agus ag tús an 20ú haois. Leis an staid seo a leasú bhunaigh Conradh na Gaeilge Coláistí Gaeilge le foghlaim agus oiliúint a chur ar mhúinteoirí le linn shaoire an tsamhraidh. Cuireadh Coláiste na Mumhan ar bhun i mBéal Átha an Ghaorthaidh sa bhliain 1904, cuireadh Coláiste Chonnacht ar bun i dTuar Mhic Éadaigh i 1905, agus ansin i 1906, cuireadh Coláiste Uladh ar bun i gCloich Cheann Fhaolaidh.
De thaisme a socraíodh ar an Ardaí Bheag mar ionad di. Tharla go raibh teach cónaithe dhá stór folamh ann agus ní raibh moill ar é a fháil ar cíos. Ardscoil Cholm Cille a tugadh uirthi i dtús ama, agus ba é Dáil Uladh a stiúraigh an Choláiste. Ba é cuspóir na Dála Gaeilge an Tuaiscirt a chur á labhairt ar fud Chúige Uladh agus leabhair agus litríocht a chur ar fáil i gcanúint an Tuaiscirt. Ach ba ar an Choláiste féin a chuir siad ar bun, ba mhó agus ba leitheadaí a bhí an toradh.
I measc na mílte a d’fhreastail ar an Choláiste, nó a raibh baint inteacht léi, bhí daoine iomráiteacha a bhí gníomhach i gcúrsaí polaitiúla, sóisialta nó liteartha na tíre seo: Ruairí Mac Éasmuinn, Seodamh Máire Pluincéid, Pádraig Mac Piarais (triúir de réabhlóidithe Éirí Amach na Cásca 1916), Íde Nic Néíll, Mairéad Dobbs agus Róis Ní Ógáin (mná Ghlinnte Aontroma), Úna Ní Fhaircheallaigh, Maud Gonne Mhic Giolla Bhríde, Séamus Ó Searcaigh, Éamonn Ó Tuathail, Séamus Ó Grianna, Doimnic Ó Ceallaigh, Seán Mac an Bhaird, Mac Giolla Bhríde (An Tiarna Ashbourne), Mánus Mac Cumhaill, Antoine Ó Dochartaigh, Peadar Ó Dubhda, agus Séamus Ó Néill.