Colaiste Uladh

Comoradh Cholaiste Uladh 1906-2016

  • Baile
  • Maidir Linn
  • Scoileanna
  • Amach Anseo
  • Teangmháil
  • Comóradh
  • As Smaointe Tig Gníomh
  • Clár na Féile
  • Leabhar Choláiste Uladh

As Smaointe Tig Gníomh

As Smaointe Tig Gníomh

Déanfaidh an tOllamh Nollaig Mac Congáil

an leabhar a sheoladh go hoifigiúil

in Óstán Loch Altan, Gort a’Choirce,

Dé Sathairn, 11 Feabhra 2017 ar 8.00in

Cnuasach tríocha is a cúig alt atá sa leabhar seo a cheiliúrann tréimhse thar a bheith spéisiúil i stair na hÉireann agus i stair pharóiste Chloich Cheann Fhaola: tréimhse na hAthbheochana, blianta tosaigh Choláiste Uladh,  laochra an Aiséirí – Pádraig Mac Piarais, Seosamh Máire Pluincéid agus Ruairí Mac Easmuinn, agus daoine iomráiteacha eile  a raibh baint acu le Coláiste Uladh ar bhealaí éagsúla. Tá na léachtaí a tugadh i nGort an Choirce thar dheireadh seachtaine Chomóradh an Chéid 1916 foilsithe anseo fosta chomh maith le hathfhoilsiú ar ailt, tuairiscí agus cuntais as nuachtáin srl. an ama sin a fuarthas in: An Claidheamh Soluis, Ardfheiseanna Chonradh na Gaeilge, An Cumann le Béaloideas Éireann, The New Ireland Review, The Sinn Féin Rebellion Handbook 1917, The Derry People and Donegal News, srl.

Ag deireadh an leabhair tá dhá alt ag cur síos ar na himeachtaí éagsúla a d’eagraigh Coiste Comórtha Choláiste Uladh do 2016 chomh maith le seanmóirí  tochtmhara a thug an tAth. Seán Ó Gallchóir, S.P. Gort an Choirce, faoi Shéamus Mac Géidigh, laoch mór na Gaeilge a fuair bás le linn an chomóraidh.

Is de bhunadh Chloich Cheann Fhaola an t-eagarthóir Seosamh Ó Ceallaigh. Tá suim aige sa stair áitiúil, agus cuid mhór taighde déanta aige sa réimse sin. Bhain sé dochtúireacht amach sa bhliain 2005 lena  thráchtas ‘Tionóntaí, Cléir agus Tiarnaí Talaimh Chloich Cheann Fhaola idir 1830-1890’. Rinne sé eagarthóireacht ar an leabhar Coláiste Uladh 1906-2006. In éineacht le Donnchadh Mac Niallais chomhscríobh sé lámhleabhar Éirí Amach 1916.

Scaip an scéal:

  • Tweet
Comóradh Cultúrtha Choláiste Uladh & Eirí Amach 1916

Scéaltaí is déanaí

  • Léacht leis An Dr Méadhbha Ní Bhaoill ar “Charlie Mac Aoidh as Inis Bo Finne”
  • Leacht leis An Dr Seosamh Ó Ceallaigh
  • Stair Cholaiste Uladh

Scéaltaí is déanaí

  • Léacht leis An Dr Méadhbha Ní Bhaoill ar “Charlie Mac Aoidh as Inis Bo Finne”
  • Leacht leis An Dr Seosamh Ó Ceallaigh
  • Stair Cholaiste Uladh
Logo Colaiste Uladh

Copyright © 2025 · Author Pro Theme on Genesis Framework · WordPress · Log in