Tá ócáid chomórtha an choláiste socraithe leis an cheangal a bhí ag lucht ceannais Éirí Amach 1916 le Coláiste Uladh (An chéad choláiste Gaeilge i gCúige Uladh) a léiriú, ní amháin o thaobh príomh phearsana an Éirí Amach de ach fosta leis an nasc idé-eolaíoch agus cultúrtha a bhí ag lucht ceannais an Éirí Amach le Coláiste Uladh agus paróiste Chloich Cheannfhaola a thaispeáint.
A bhuíochas do fhealsúnacht Chonradh na Gaeilge ag an am thuig lucht ceannais an Éirí Amach go raibh saoirse dá dteanga lárnach ina n-iarrachtaí le neamhspleáchas iomlán a bhaint amach d’Éirinn.
Mar thimire le Conradh an Gaeilge bhí Pádraig Mac Piarais i gColáiste Uladhi mean Fómhair 1906, bhí Joseph Mary Plunkett mar dhalta i gColáiste Uladh agus bhí ceangal láidir ag Ruairí Mac Easmuin leis an Choláiste, le scoil Ghort a Choirce agus Oileán Thoraigh. Ba mhaith linne comóradh a dhéanamh ar an cheangal láidir chultúrtha/teanga a bhí ag na laochra sin le Paróiste Chloich Cheannfhaola, agus fosta an ghné polaitiúil den Eirí Amach.