Is leabhrán eolais í seo ar an cheangal a bhí ag Coláiste Uladh le cuid de laochra Éirí Amach na Cásca 1916. Is iad sin Pádraig Mac Piarais, Seosamh Máire Pluincéid agus Ruairí Mac Easmuinn, a bhí iontach gníomhach i mbunú agus i bfhorbairt an choláiste mar lár-ionad Gaeilge d’ábhar oidí agus do lucht na Gaeilge, ó bunaíodh an choláiste in 1906. Bhí borradh mór faoin teanga agus faoin chultúr ag an am mar pháirt den athbheochan chultúrtha a bhí ar siúl sa tír.
Tá 54 leathanach sa leabhrán a bheidh oiriúnach do dhaltaí scoile agus don phobal i gcoitinne mar fhoinse eolais ar chúlra an Éirí Amach, imeachtaí Sheachtain na Cásca, sínitheoirí fhorógra na Poblachta chomh maith le ról na mban. Ta eolas inti faoi stair Choláiste Uladh féin agus faoin Chonstábla Charlie Mac Aoidh as Inis Bó Finne. Is iad an Dr. Seosamh Ó Ceallaigh agus Donnchadh Mac Niallais údair an leabhar, thar cheann Choiste Comórtha Choláiste Uladh. Is ábhar mórtais agus bróid don Choiste an leabhrán seo a fhoilsiú leis an oidhreacht Ghaelach stairiúil seo a chaomhnú agus a bhronnadh ar an chéad ghlúin eile.
Is iad Fóras na Gaeilge príomh urraí an leabhrán.