Cheanna féin tá an coiste ag obair ar leabhrán eolais/ais teagaisc dírithe ar scoileanna ins na limistéir pleanála teanga ón Fhalcharrach go Rann an Feirste. Tá seacht gcinn déag de scoileanna, trí mheánscoil san áireamh sa limistéir agus bhí cruinnithe ag an choiste le ionadaithe ó na scoileanna sin cheanna féin lena n-ionchur a chur san áireamh.
Ba mhaith linn aos óg na Gaeltachta a chur ar an eolas faoi Éirí Amach 1916, ionas go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar na cúiseanna gur tharla an Eirí amach, ar an oidhreacht a d’eascair as, agus iad a spreagadh chun spéis agus mórtas a bheith acu ina dteanga féin. Is deis iontach ata sa chomóradh seo athbheochan a dhéanamh ar an teanga.